Ainm: | Jimí Mhicí Jimí Mac Grianna | |
Áit Chónaithe: | Rann na Feirste |
Áit Dúchais: | Rann na Feirste |
Catagóir: | Stairsheanchas |
Fochatagóir: | Stair an Teaghlaigh |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bunadh mhuintir Uí Ghrianna. Bhí suim ag Jimí i gcónaí i stair na háite agus a theaghlaigh. Bhí sé ag léamh i gcónaí. Tá leabhar scríofa aige agus cúpla píosa filíochta ach níl an leabhar i gcló go fóill. Scríbhneoirí clúiteacha a bhí iontu – Séamus agus Seosamh Mac Grianna. Seán Bán fosta – file agus ceoltóir maith. Dónall – aistriúchán agus leabhar scríofa aige. I 1736 tháinig Pádraig agus Seán go Rann na Feirste ar dtús, a dteaghlaigh. Clann Uí Dhomhnaill – phós siad le Clann Mhic Grianna. As meascadh den dá taobh a tháinig an scríbhneoireacht. Micí Jimí Tharlaigh a athair (Micí Jimí Tharlaigh Phroinsias Hiúdaí Dhónaill Phádraig ‘ac Grianna). Caint ar an dá chlann agus na difríochtaí eatarthu. Bhí a athair cosúil le dream Phádraig. A mháthair ó chlann Sheáin – níos tugtha don scríbhneoireacht agus don fhilíocht. | 00:06:12 | |